Tá an bhanríon Eilís, Banríon na Breataine, ar an mbanríon is faide i réim sa tír sin inniu.
Tá buíochas glactha ag an mBanríon Eilís II le daoine sa bhaile agus i gcéin as a gcuid teachtaireachtaí dea-thola.
Tá cur-iarracht nua bainte amach aici mar go bhfuil sí anois níos faide i réim ná Banríon Victoria, a sin-sin seanmháthair a bhí i gceannas ar feadh 63 bliain agus 7 mí, idir na blianta 1837 agus 1901.
89 bliain d'aois atá an Bhanríon Éilis agus dúirt Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, go bhfuil ard-mholadh ag dul di as an tseirbhís iontach atá tugtha aici.