Ghabh bleachtairí de chuid an PSNI atá i mbun fiosruithe faoi dhúnmharú Kevin McGuigan triúr fear i mBéal Feirste ar maidin.
Tuigtear go bhfuil Bobby Storey, Cathaoirleach Shinn Féin sa Tuaisceart ar dhuine do na daoine a gabhadh.

Go dtí seo, gabhadh agus ceistíodh 13 duine ar fad maidir leis an bhfiosrúchán, ach níl aon chúis curtha i leith aon duine acu.
Lámhachadh agus dúnmharaíodh Kevin McGuigan, iar-bhall den IRA ag a theach i mBéal Feirste an mhí seo caite.
Athair naonúr clainne, 53 bliain d'aois a bhí ann.