CUireadh an buachaill óg Aylan Kurdi ón tSiria a fuarthas básaithe ar an trá sa Tuirc i gcré na cille inniu. Úsáideadh grianghraf den leanbh básaithe i bhfeachtas ar son na dTeifeach.  Tharraing íomhánna chorp an linbh óig i mBodrum na Tuirce aird go hidirnáisiúnta ar ghéarchéim na dteifeach.

Báthadh Aylan, a dheartháir Galip agus máthair na beirte Rehan a bhí 35 bliain d'aois agus iad ag iarraidh an Ghréig a bhaint amach roinnt laethanta ó shin. Tháinig Abdullah Kurdi athair na leanaí slán. 

Tugadh corp Aylan, corp Galip agus corp mháthair na beirte abhaile chomh fada leis an tSiria. Cuireadh na buachaillí, a bhí trí agus cúig bliana d'aois ina mbaile dúchais Kobane inniu. Cuireadh máthair na beirte a bhí 35 bliain d'aois inniu chomh maith. 

Dúirt athair na leanaí go raibh súil aige go gcabhródh na Stáit Arabacha le teifigh agus le himircigh anois i bhfianaise na géarchéime seo.


Bhí scéal i nuachtán i gCeanada go raibh clann na mbuachaillí ag iarraidh Ceanada a bhaint amach i ndiaidh dóibh Kobane a fhágáil de bharr na cogaíochta ann. Labhair gaol leis an teaghlach atá lonnaithe i gCeanada leis an nuachtán ag rá go raibh iarrachtaí déanta ag an teaghlach an Tuirc a bhaint amach sular tharla an tubaiste inár báthadh Aylan, Galip agus máthair na beirte Rehan a bhí 35 bliain d'aois.