Tá córas nua le bunú ag an Aontas Eorpach chun glacadh le teifigh, daoine ón tSiria ach go háirithe.

D'fhógair Rialtais na Gearmáine agus na Fraince gur córas buan a bheadh ann agus go mbeadh oibleagáid ar na haon bhallstát glacadh le teifigh.

Níor dúradh, áfach, an mó teifeach a bheadh i gceist. Bhí cruinniú ag an dTaoiseach le h-Uachtarán na Fraince, Francois Hollande, i bPáras inniu chun an ghéarchéim a phlé.

Agus san Ungáir, tá nach mór 1,000 teifeach sáinnithe ar thraein i lár na tíre ó mhaidin.

Tá na h-údaráis ansan - ag diúltú - cead a thabhairt dóibh taisteal go dtín Ostair. 

Mar a tharla, chuaigh cuid de na daoine ar thraein amháin a stop 40 ciliméadar siar ón chathair áit a  hordaíodh do na paisinéirí sin éirí den traen i mbaile Bicske atá ina ice le campa teifeach.

Dhiúltaigh na paisinéirí sin a dhéanamh.  

Viktor Orban le Martin Schulz sa Bhruiséal inniu

Tá an Ungáir á cosaint féin go daingean. Dúirt a príomhaire, Viktor Orban gur fadhb don Ghearmáin a bhí sa ghéarchéim teifeach san Eoraip de bhrí gur chuig an Ghearmáin atá an chuid is mó acu ag iarraidh dhul.

D'iarr sé ar dhaoine atá ag teitheadh as an tSiria agus as tíortha eile ina bhfuil cogaí gan iarracht a dhéanamh dhul isteach san Ungáir mar nach rabh cinnteacht ar bith go nglacfaí leo ansin.

Agus é i gcomhluadar uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Martin Schulz sa Bhruiséil ar maidin, gheall Viktor Orban go gcuirfeadh a rialtas 3,500 saighdiúr chuig teorainn na tíre leis an tSeirbia le stop a chur leis na teifigh.

Mhóidigh sé nach ligfeadh an tír sin do thuilleadh teifeach dhul níos faide isteach san Aontas Eorpach 
Dúirt sé go bhfuil eagla ar mhuintir na hUngáire agus ar an Eoriap mar nach bhfuil go leor déanta ag na ceannairí leis an fhadhb a smachtú.

Tá aird an domhain tarraingthe ar ghéarchéim teifeach na hEorpa ag pictiúr den ghasúr trí bliana d'aois Aylan Kurdi ar scuabadh a chorp isteach ar thrá sa Tuirc nuair a báthadh é féin, a mháthair agus a dhaertháir agus iad ag iarraidh teitheadh as an tSiria inné.