Ghabh póilíní na Tuirce ceathrar as an tSiria agus iad faoi amhras gur smuigleáil siad teifigh ón Tuirc go hoileán Dogan na Gréige ar bhád a chuaigh go grinneall agus as ar báthadh 12, leanbh óg ina measc.

Gabhadh an 4, caiptín an bháid ina measc aréir agus táthar á gceistiú ar oileán Dogan faoi láthair. 

Thuairiscigh nuachtán i gCeanada go raibh clann an bhuachalla linbh, ag iarraidh Ceanada a bhaint amach i ndiaidh dóibh cathair Kobani a fhágaint de bharr na cogaíochta ann. 

Labhair gaol an teaghlaigh, atá lonnaithe i gCeanada leis an nuachtán á rá go raibh iarrachtaí thréanna déanta ag an gclann an Tuirc a bhaint amach sular tharla an tubaist inar báthadh a mac Aylan Kurdi. 

Tá íomhánna a choirp marbh ar an dtrá i mBodrum feicthe morthimpeall an domhain agus tar éis aird a tharraingt ar ghéarchéim na dteifeach. 

Báthadh a mháthair Rehan, 35 agus a dheartháir Galip, 5 sa tubaist céanna. Fritheadh athair na leanaí, Abdullah Kurdi gan aithne, gan urlabhra ar an trá. Tugadh ag an ospidéal in Bodrum é dar leis an nuachtán Sabah. 

-----------------------------------------------------------------------------------------------------

FOLÁIREAMH: Íomhánna goilliúnacha ar lean - ná féach tharais seo má ghoilleann a leithéid ort.

-----------------------------------------------------------------------------------------------------

Corp marbh Aylan Kurdi, 3 - íomhá a chuaigh i bhfeidhm ar an domhan

Póilín le Aylan ina bhaclainn

Sampla den clúdach meáin a fuair na híomhánna uafáis inniu