skip to main content

Tá sé fógartha ag údaráis an Ostair go bhfuil siad le dlús a chur lena smacht ar theorannacha

Póilíní na hOstaire ag seiceáil feithiclí ar mhótarbhealach idir an Ostair agus an Ungáir.
Póilíní na hOstaire ag seiceáil feithiclí ar mhótarbhealach idir an Ostair agus an Ungáir.

I ndiaidh na heachtra uafáis inar fritheadh 71 teifeach marbh i leoraí ar mhótarbhealach an tseachtain seo caite, dúirt an tAire Gnóthaí Baile Johanna Mikl-Leitner go bhfuil sé i gceist smacht níos déine a chur ar theorannacha in oirthear na tíre.

Da thoradh, bhí an mótarbhealach soir i dtreo na hUngáire pulctha le trácht ag síneadh 20km siar mar go raibh na húdaráis ag seiceáil gach feithicil ina bhféadfadh teifigh bheith ionta. 

Coirp na mairbh a fritheadh ar leoraí ar thaobh mótarbhealaí san Ostair

Rug na húdaráis ar 8,792 teifeach ag trasnú na teorann isteach chun na hUngáire, an formhór acu ag teacht an tSeirbia.

Teifigh as an Chian Oirithir ag éileamh cúnamh san Ungáir

Dúirt póilíní na hUngáire inné go bhfuil an 5ú duine faoi amhras gafa acu bainteach le bás na 71 ndaoine a bhí ar bord an leoraí agus a fágadh tréigthe ar thaobh an mhótarbhealaigh an tseachtain seo caite. 

Táthar le cruinniú éigeandála a thionól idir cheannairí na hEorpa chun an géarchéim a phlé.