skip to main content

Beartais chun dul i ngleic le hinimircigh mhídhleathacha i dTollán Mhuir nIocht

Inimircigh ag iarraidh dul chomh fada leis an Ríocht Aontaithe
Inimircigh ag iarraidh dul chomh fada leis an Ríocht Aontaithe

Tá Rialtais na Breataine agus na Fraince tar éis beartais nua a fhógairt féachaint le dul i ngleic le hinimircigh mhídhleathacha ag taisteal thrí Thollán Mhuir nIocht.

Tá an 2 thír chun breis póiliní chur ar dualgas i gcalafort Calais sa Fhrainc.

Teastaíonn uathu freisin breith ar na daoine seo atá ag déanamh airgid as a bheith ag smugleáil inimirceach chuig an Ríocht Aontaithe.

Tá na mílte inimirceach ag campáil ag calafort Calais agus iad ag iarraidh an Ríocht Aontaithe a bhaint amach.

Tá na céadta míle inimirceach tar éis an tSiria, an Libia, chomh maith le tíortha eile sa Mheán Oirthear agus san Afraic a fhágáil ag iarraidh saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin san Eoraip.