skip to main content

D'oscail an tAire Talamhaíochta síneadh a cuireadh le Tearmann Ainmhithe Fota inniu

Tíogar Sumatrach
Tíogar Sumatrach

D'oscaill an tAire Talamhaíochta, Bia & Mara Simon Coveney síneadh seacht n-acra fhichead i dTearmann Ainmhithe Fota in aice an Chóbh in oirthear Chorcaí inniu.

Síneadh d'ainmhithe as an Áis atá sa bhforbairt áit a bhfuil cuid de na speicis is mó atá i mbaol - ar domhan le feiscint ann. Tíogair Sumatrach, Srónbheannach Indiach, Fianna agus muca ina measc. 

€4.3m a caitheadh leis an bhforbairt agus tá scata ainmhithe nua le tairbhe a bhaint as. 

Ar ndoigh bainfidh na sluaite tairbhe as an síneadh freisin. Mhéadaigh líon cuairteoirí chuig an Tearmann fá 20% ó bunaíodh an Tearmann Áiseach - ó 367,000 go 438,000 duine. 

Deir Cathaoirleach an Tearmainn, Neil O'Carroll go bhfuil an spás ann tuilleadh forbartha a dhéanamh ach an t-airgead bheith acu chuige.