Bhí na mílte i láthair ag searmanais éagsúla i gcathair Hiroshima sa tSeapáin le comóradh a dhéanamh ar an gcéad bhuamáil adamhach.

Cothrom an lae inniu 70 bliain ó shin a scaoileadh an buama ón aer ar Hiroshima ag marú na mílte.

Eitleáin le fórsaí Mheiriceá a bhí freagrach as an sléacht a tharla maidin an 6ú Lúnasa 1945.

D'fhág na gníomhartha sin suas le 70,000 duine marbh ar an toirt.

Bhásaigh a oiread eile daoine arís mar gheall ar nimhiú radaíochta.

Fágadh an chathair féin loiscithe.

Rinneadh an cleas céanna le cathair Nagasaki 3 lá ina dhiaidh sin.

Chinntigh an dá eachtra seo géilleadh na Seapáine sa Dara Cogadh Domhanda.

Le linn an chomórtha inniu buaileadh cloig sa chathair, d'umhlaigh na daoine i mbun paidreoireachta, agus tionóladh nóiméad ciúinis ag 8.15 ar maidin am na Seapáine.

Ba ag an am sin go díreach a tharla an bhuamáil.

Dúirt Príomh-Aire na Seapáine gur léirigh gach a thárla i Hiroshima an tábhacht atá leis go leanfaí le dí-armáil nuíclíoch.

Tá searmanais ar fud an domhain inniú le comóradh a dhéanamh ar an ocáid.

Anseo in Éirinn tá searmanas bliantúil á reachtáil ag an bhfeachtas ar son na dí-armála núiclígh i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.