Cuireadh fáilte mhór abhaile roimh na lúthchleasaithe Éireannacha a bhí páirteach sna Cluichí Speisialta Oilimpeacha le seachtain anuas.
Bhailigh na sluaite ansin níos túisce inniu ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
D'éirigh leis an 88 lúthchleasaí 82 bonn ar fad a thabhairt abhaile leo as Los Angeles sna Stáit Aontaithe, 26 bonn óir, 28 bonn airgid agus 28 bonn cré umha.
D'éirigh le 31 lúthchleasaí a mbarrfeabhais aclaíochta féin a bhaint amach.