I measc an tslua a bhí i láthair chomóradh 100 d'adhlacadh Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa i Reilig Ghlas Naíon inniu, bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigín agus a bhean Saibhín, an Taoiseach Enda Kenny agus gaolta Uí Dhonnabhain Rossa féin, polaiteoirí agus gaolta na nÓglach eile freisin. 

Leag an tUachtarán bláthfhleasc ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa agus d'fhair nóiméad ciúnais. 

I ndiaidh do Gharda Onóra Arm na hÉireann an brat Náisiúnta a chur ar foluain, sheinn píobaire an airm "Wrap the Green Flag Around Me". 

Rinne Jim Roche aithris ar óráid cháiliúil Phádraig Mhic Piarais - óráid a ceaptar a bhí lárnach i ngríosadh Óglaigh na hÉireann chun tabhairt faoi Éirí Amach um Cháisc na bliana dar gcionn i 1916. 

Seo a leanas téacs na hóráide Gaeilge a thug an Piarsach ar an lá úd, 100 bliain glan's an lá inniu:

A Ghaedheala,

Do hiarradh orm-sa labhairt indiu ar son a bhfuil cruinnighthe ar an láthair so agus ar son a bhfuil beo de Chlannaibh Gaedheal, ag moladh an leomhain do leagamar i gcré annso agus ag gríosadh meanman na gcarad atá go brónach ina dhiaidh.

A cháirde, ná bíodh brón ar éinne atá ina sheasamh ag an uaigh so, acht bíodh buidheachas againn inar gcroidhthibh do Dhia na ngrás do chruthuigh anam uasal áluinn Dhiarmuda Uí Dhonnabháin Rosa agus thug sé fhada dhó ar an saoghal so.

Ba chalma an fear thu, a Dhiarmuid. Is thréan d’fhearais cath ar son cirt do chine, is ní beag ar fhuilingis; agus ní dhéanfaidh Gaedhil dearmad ort go bráth na breithe.

Acht, a cháirde, ná bíodh brón orainn, acht bíodh misneach inar gcroidhthibh agus bíodh neart inar gcuirleannaibh, óir cuimhnighimís nach mbíonn aon bhás ann nach mbíonn aiséirghe ina dhiaidh, agus gurab as an uaigh so agus as na huaghannaibh atá inar dtimcheall éireochas saoirse Gheadheal.