Craolfar clár raidió amárach ina gcaitear súil ar Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, agus é ag foghlaim Gaeilge.
Tá bliain ann ó ceapadh Joe McHugh ina Aire Stáit Gaeltachta, in aineoinn nach raibh mórán Gaeilge aige.
Rinneadh cáineadh ar an gceapachán ag an am, agus eagraíochtaí Gaeilge ag rá gur ísliú céime a bhí ann don teanga.
In agallamh don chlár raidió, dúirt an Taoiseach Enda Kenny gur thug sé an t-ardú céime do Joe McHugh mar go raibh sé ina Theachta Dála ar feadh roinnt blianta agus go raibh sé lonnaithe i nDún na nGall, ag rá go mbeadh an dáilcheantar fágtha gan Aire mura mbeadh aireacht ag Joe McHugh.
Dúirt an Taoiseach gur údar mórtais a bhí ann do phobal na Gaeltachta agus na tíre, gur fhill Joe McHugh ar an nGaeilge.
Dúirt an Taoiseach go raibh daonra ag dul i méid in sna Gaeltachtaí, agus de bharr imirce agus cúinsí eile, nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go mbeadh tearmainn eisiacha Gaeltachta ann.
Craolfar an clár 'Documentary on One: Fine Gaeilgeoir' ar RTÉ Radio One amárach ag 1pm.
http://www.rte.ie/radio1/doconone/