skip to main content

Seónna ar ceal ag Sinéad O'Connor spíonta

Comhairle dóchtúra faighte ag Sinéad O'Connor go bhfuil sí "tnáite".
Comhairle dóchtúra faighte ag Sinéad O'Connor go bhfuil sí "tnáite".

Tá na coirmeacha ceoil ar fad a bhí le bheith ag Sinéad O'Connor an samhradh seo curtha ar ceal aici mar gheall ar spíonadh agus tuirse.

Bhí sí le bheith ag Féile Ealaíon na Gaillimhe Déardaoin.

Tá an ócáid sin agus mórchuid oícheanta eile ar fud mhór-roinn na hEorpa curtha ar ceal aici ar chomhairle dochtúra.

I ráiteas deir gníomhaire Shinéad O'Connor go bhfuil sí tugtha, traochta.

Tá comhairle dochtúra faighte aici go dteastaíonn sos iomlán uaithi.

Baineann sé a deir an ráiteas le tinneas atá uirthi le fada nach bhfuil réitithe go fóill.

Tá sé fógartha ag Féile Ealaíon na Gaillimhe go mbeidh John Grant ag canadh Déardaoin san Big Top, agus go mbeidh Sharon Shannon ag tacú leis.

O'Connor a bhí le bheith ina príomhaoi ann, agus Grant ag tacú léi.