Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan go bhfuil imní mhór ann faoi insíothlú de chuid baill den Ghrúpa a thugann an Stát Ioslamach orthu féin sa tír seo.
Deir an tAire Flanagan go bhfuil sé i ndluth-theagmháil leis an Aire Dlí agus Cirt France Fitzgerald faoin ábhar.
Dúirt an tAire go mba mhaith leis níos mó comhoibrithe a fheiceáil i measc thíortha an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí slándála, bailiú faisnéise agus obair fhrithsceimhlitheoireachta.
Bhí an tAire ag labhairt ag cruinniú de chuid Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh.
Tá Príomh-aire na Túinséise Habbib Essid ag freastal ar an gcruinniú i bhfianaise an ionsaithe a tharla sa Túinéis an mhí seo caite, inar maraíodh 38 turasóir, triúr as Éireann ina measc.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan go mba mhaith leis a mholadh do dhaoine taisteal chun na Túinéise arís, ach faoi láthair go bhfuiltear fós ag moladh do dhaoine gan taisteal go dtí an tír i dTuaisceart na hAfraice.