Tá dealbh nua nochtaithe in Aerfort na Sionna in ómós do laoch rugbaí na tíre Paul O'Connell.

6 mhéadar ar airde atá an saothar a léiríonn tráth cinniúnach i gcluiche stairiúil na hÉireann le Sasana i bPáirc a' Chrócaigh in 2007.

Ina gcrann taca ag caiptín na hÉireann agus dá chrochadh go hard san síneadh-amach, tá a chomrádaithe le Cúige Mumhan John Hayes agus Donncha O'Callaghan.

“The day that changed Ireland” teideal an tsaothair a rinne Paddy Campbell, an ceannasaí tráth ar Campbell Catering, ealaíontóir lán-aimeartha anois i Flórans na hIodáile.