Maraíodh seisear mac léinn as Éirinn agus gortaíodh seachtar nuair thug balcóin uaidh i mbloc arasáin i California ar an 16 Meitheamh.
Reachtáilfear roinnt imeachtaí i Berkeley sna laethanta atá le teacht chun comóradh míosa a dhéanamh ar an dtragóid.
Go dtí seo, níl ach duine amháin do na mic léinn a gortaíodh sa tragóid tar éis filleadh abhaile go hÉireann.
Scaoileadh Seán Fahey amach as an ospidéal i California seachtain i ndiaidh na tragóide.
Tá beirt eile ag feitheamh ar chead ó dhochtúirí sa tslí is gur féidir leo filleadh abhaile chun go gcuirfí a thuilleadh cóir leighis orthu in Éirinn.
Ceaptar go mbeidh an bheirt sin in ann filleadh abhaile taobh istigh de sheachtain.
Scaoileadh Conor Flynn amach as an ospidéal cúpla seachtain ó shin ach níl cead tugtha do eitilt go fóill mar go bhfuil scamhóg pollta aige ón uair gur thug an balcóin uaidh.
Tá cóir leighis speisialta fós á cur ar Niall Murray agus Jack Halpin i San Francisco
Tá cóir leighis á cur ar Clodagh Cogley agus Hannah Waters ag ionad athshlánaithe i Santa Clara.
Tá sé ráite ag teaghlach Aoife Beary go mbógfar í go dtí Santa Clara go luath.
Tá foirne leighis i California i dteagmháil le foirne leighis in Éirinn féachaint a dhéanamh amach cad é an slí is fearr cúram na mac léinn a aistriú ós na Stáit Aontaithe ar ais go Baile Átha Cliath.