skip to main content

Tá cead tugtha ag Comhairle Cathrach Berkeley do rialúcháin cigireachta tógála nua.

Rialucháin cigireachta tógála nua ceadaithe i Berkeley
Rialucháin cigireachta tógála nua ceadaithe i Berkeley

Tá na rialacháin nua tugtha isteach in iarracht stop a chur le tragóid eile, ar nós an trágóid a tharla nuair a thug balcóin i Berkeley uaidh an mhí seo caite agus maraíodh seisear mac léinn dá bharr. 

Gortaíodh seachtar eile sa tubaiste.

Tagann na dlithe cigireachta nua i bhfeidhm láithreach, agus déanfar cuid eile a mheas, san áireamh an gá atá le hatreisiú cruacha a usáid i ngach balcóin nua a thógfar. 

Faoi na dlithe nua, caithfear cigireacht éigeantach a dhéanamh ar bhalcóin, ar dheiceanna, ar staighre, agus ar ábhair eile a bhíonn amuigh faoin aer ar gach áitreabh i Berkeley taobh istigh de shé mhí, agus caithfear cigireacht a dhéanamh orthu gach trí bliana ina dhiaidh sin.

Maraíodh cúigear mac léinn Éireannach, Lorcán Miller, 21, Niccolai Schuster, 21, Eoghan Culligan, 21, Olivia Burke, 21, Eimear Walsh, 21 agus mac léinn amháin Gaelmheiriceánach, Ashley Donohoe a bhí 22  ar an 16 Meitheamh nuair a thug an balcóin ina raibh siad uaidh.