Tá páirtí nua polaitíochta ar a dtugtar ' Na Daonlathaigh Shóisialacha' seolta ag na Teachtaí Dála Stephen Donnelly, Catherine Murphy agus Róisín Shortall. 

Tá suíomh idirlín de chuid an pháirtí anois beo: http://www.socialdemocrats.ie/

Ar an suíomh, deir an páirtí go gcreideann siad i dtír ina bhfuil seirbhísí poiblí d'ardchaigdeán, pobail láidir agus geilleagar atá faoi bhláth chun sochaí a chruthú ina bhfuil deis ag gach duine sa tír a gcumas a bhaint amach. 

Tá an grúpa nua polaitíochta ag iarraidh go mbeidh cúrsaí polaitíochta oscailte in Éirinn agus táthar ag iarraidh go dtoghfaí an Ceann Comhairle trí chóras ina mbeadh ballóid rúna i gceist. 

Maíonn an páirtí nua-bhunaithe go gcuirfidís deireadh le táillí uisce dá mbeidís i gcumhacht agus deir siad go mbeidh siad ag roinnt na cumhachta sa pháirtí nua go dtí aimsir an Olltoghcháin.