Tá réiteach déanta ag An Iaráin le 6 cinn de na Cumhachtaí Móra i gcomhráití núicléach tar éis breis is 10 mbliana taidhleoireachta.
Tá sé beartaithe deire a chur le smachtbhannaí atá ar An Iaráin ag Meiriceá, ag an Aontas Eorpach agus ag na Náisiúin Aontaithe má ghlacann an tír Peirseach le srian fad-téarmach a chinntíonn nach mbeidh sí in ann armlón núicléach a fhorbairt.
Deascéal é den Mheán-Oirthear agus gabháil chun cinn go háirid don Uachtarán Barack Obama agus don Uachtarán Hassan Rouhani a toghadh 2 bhliain ó shin ar gheallúint go n-athrófaí seasamh aontraic na hIaráine san taidhleoireacht idirnáisiúnta.
Tá clabhsúr curtha le 3 seachtainí cainteanna san Vín san Ostair idir Stát-Rúnaí Mheiriceá John Kerry agus Mohammad Javad Zarif, Airí Gnóthaí Eachtracha na hIaráine.
Tá Tehran tar éis glacadh le socrú go dtabharfar ar ais smachtbhannaí taobh istigh de 65 lá má sáraítear an conradh.