skip to main content

150 duine páirteach i gcuardach chorp Bharry Davis Ryan i gCorcaigh

Tumadóirí ag bailiú ar an gcé, Dún na Séad
Tumadóirí ag bailiú ar an gcé, Dún na Séad

Tá os cionn 150 duine ag glacadh páirte sa chuardach in iarthar Chorcaí féachaint le teacht ar chorp Bharry Davis Ryan a báthadh ansin an tseachtain seo caite. 

Báthadh Barry Davis Ryan, 20 bliain d'aois, chomh maith lena pháirtí Niamh O'Connor agus a athair Barry Ryan nuair a scuab maidhm chun bealaigh iad i nDún na Séad naoi lá ó shin. Fuarthas coirp na beirte eile agus adhlacadh iad an deireadh seachtaine seo caite.  

Rinne aonad cuardaigh fo-uisce agus tarrthála iarthar Chorcaí achainí náisiúnta ar thumadóirí oilte a teacht go hiarthar Chorcaí inniu agus amárach le cuidiú leo corp Bharry Davis Ryan a aimsiú.

Cé go bhfuiltear ag leanacht den chuardach gach lá, ní rabhthas in ann tumadóireacht a dhéanamh ach ar chúig lá de bharr na drochaimsire.  

Tá daoine áitiúla ag cur lóistín agus sóláistí ar fáil do na tumadóirí atá bailithe ar an mbaile inniu.