D'admhaigh Uachtarán na Túinéise inniu nach raibh an tír faoi réir don ionsaí lámhaigh a tharla ag trá ansin Dé hAoine seo caite.
Maraíodh 39 duine san ionsaí sin i Sousse, triúr Éireannach ina measc.
Dúirt an tUachtarán Ess-ebsi gur géaraíodh ar an tslándáil in áiteanna eile sa tír mar gurbh í tréimhse Ramadam a bhí i gceist.
Ach a dúirt sé ní raibh na húdaráis ag súil go dtarlódh ionsaí dá léithid ar thrá.
Dúradh inniu gur dócha gur chaith an té a bhí freagrach as an ionsaí sin roinnt ama ag campa traenála sa Libia, agus go raibh sé i dteagmháil le mílisteoirí thar teorann amach.
Deirtear go bhfuil breis is 3,000 saoránach ón Túinéis tar éis an tír a fhágáil le roinnt blianta chun dul i mbun trodaíochta ar son ghrúpaí Ioslamacha sa tSiria, san Iaráic agus sa Libia.
Áirítear sléacht na hAoine a bheith cheann de na cinn is measa a tharla riamh sa Túinéis, tír atá daonlathach anois ó 2011.
Deirtear go mbuailfear cúrsaí turasóireachta go dona sa tír dá bharr, agus go gcaillfidh an Túinéis suas le $515m i mbliana
Tá an tslándáil géaraithe go mór sa tír anois, breis is 1,000 póilín breise ar dualgas lámh le hóstáin agus ionaid saoire.
I mBaile Átha Luain inniu tá leabhar comhbhróin oscailte do Laurence agus Martina Hayes, an lánúin áitiúil a maraíodh sa sléacht.
Ba í Lorna Carty, as Baile Róibín i gCo. na Mí an tÉireannach eile a maraíodh san ionsaí.