skip to main content

Daoine gafa maidir leis an ionsaí lámhaigh ar thrá sa Tuinéis

Ionsaí ar thrá sa Tuinéis
Ionsaí ar thrá sa Tuinéis

Tá daoine gafa ag na húdaráis sa Tuinéis i dtaca leis an eachtra lámhaigh ar thrá ansin an tseachtain seo caite.

Maraíodh 38 duine ar fad i mbaile Sousse, bhí triúr Éireannach ina measc.

Bhí sé ráite roimhe seo ag na húdaráis sa Tuinéis gur chreid siad go raibh tacaíocht ag an ngunnadóir a rinne an sléacht Dé hAoine seo caite.

Bhí Airí Rialtais ón Bhreatain, ón Ghearmáin agus ón Fhrainc i láthair ag ionad an uafáis i Sousse inniu.

B'iad Lorna Carty, bean-chéile agus máthair sna caogaidí ó Cho.na Mí, agus lánúin sna caogaidí, Laurence agus Martina Hayes ó Cho.na hIarmhí an triúr ón tír seo a maraíodh.

Deir Ambasadóir na hÉireann, a bhfuil an Túinéis faoina chúram, go bhfuil socruithe á ndéanamh lena gcoirp a thabhairt abhaile.

Maraíodh 30 duine ón Bhreatain sa sléacht seo freisin.

Mac léinn, a raibh ceangal aige leis an Stát Ioslamach a rinne an t-ionsaí.

Mharaigh na póiliní eisean ina dhiaidh sin.