skip to main content

37 maraithe in ionsaí ar dhá ostán sa Túinéis, bean as Éirinn ina measc.

27 maraithe in ionsaí sa Túinéis
27 maraithe in ionsaí sa Túinéis

Maraíodh ar a laghad 37 duine in ionsaí a rinneadh ar dhá ostáin turasóireachta cóngarach do bhaile Sousse ar chósta na Túinéise, tuairim is 150 ciliméadar ó dheas do phríomhchathair na tíre, Tunis.

Tá cáil ar chósta Meánmhara na Túinéise mar cheantar mór saoire.

Ag dhá óstán an Riu Imperial Marhaba agus an Soviva a tharla an t-ionsaí. 

Tugadh le fios gur fear óg gléasta mar thurasóir é féin a thosaigh a scaoileadh urchair ar an trá le turasóirí as gunna Kalashnikov. 

Dúirt Oifigeach sa Túinéis go bhfuil roinnt eachtranaigh i measc na marbh.

Tuigtear anois gur maraíodh bean as Éirinn sna hionsaithe. 

Tuigtear go ndeachaigh fear gunna amháin isteach san Ostán timpeall ar a 12 agus scaoil sé faoi agus thairis.

B'éigean do phoilíní turasóirí agus daoine áitiúila a bhogadh go dtí ceantar sábháilte.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh a thuilleadh daoine as an dtír seo bheith marbh .