skip to main content

Tá sé fógraithe ag Aturnae Dúiche Chontae Alameda i gCalifornia go bhfuil a oifig chun cúis teip balcóin Bherkeley a fhiosrú

Críon-lobhadh ar ghiarsaí an balcóin as ar thit na mic léinn an tseachtain seo caite. Maraíodh 6 agus gortaíodh 7 san eachtra uafáis
Críon-lobhadh ar ghiarsaí an balcóin as ar thit na mic léinn an tseachtain seo caite. Maraíodh 6 agus gortaíodh 7 san eachtra uafáis

I ndiaidh do phóilíní agus údarás áitiúil Berkeley deireadh a chur lena bhfiosrúcháin go tobann inné, agus a rá nach mbeadh aon cás dlí á dtógaint acu faoin gcás, d'fhógair Aturnae Dúiche an cheantair go bhfuil a hoifig le fiosrúchán dá gcuid féin a chur ar bun faoi conas ar cailleadh an seisear mac léinn.  

Gortaíodh seachtar mac léinn eile sa tubaiste nuair a thit an balcóin ar a raibh siad ina seasamh ceithre stór in airde. 

D'ainneoin go bhfuil a gcuid fiosrúcháin féin críochnaithe, tá sé ráite ag an údarás áitiúil agus ag na póilíní go gcomhoibreoidh siad ho huile agus go hiomlán le fiosrúchán oifig an Aturnae Dúiche. 

Chríochnaigh scrúdaithe chigirí an údaráis aitiúil tráthnóna De Máirt agus bhíothas sásta gurbh críon-lobhadh i ngiarsaí struchtúrtha an bhalcóin ba chúis leis an dtimpiste. 

Tá súil go dtabharfaidh Nancy O'Malley sonraí faoin bhfiosrúchán níos déanaí inniu.