skip to main content

Bláthanna leagtha ag láthair na tubaiste i Berkeley i Stát California

Bláthanna á leagan i Berkeley
Bláthanna á leagan i Berkeley

Tá bláthanna leagtha ag an láthair i Berkeley i Stát California inar maraíodh seisear mac-léinn ón tír seo Dé Máirt seo caite.

Teaghlaigh roinnt de na mic-léinn a leag na bláthanna.

Bhí an tAire Diaspóra Jimmy Denihan ina dteannta.

Dúirt sé ag an ocáid chuimhneacháin ar Shráid Ketterick nach amháin gur cailliúint iad na mic-léinn a bhásaigh dá muintir, ach go mba cailliúint iad freisin do thodhchaí na hÉireann.

Dúirt sé go raibh muintir na hÉireann ag déanamh comhbhróin leis na teaghlaigh agus nach bhfaca sé fhéin a leithéid de chomhbhá riamh ag teacht ón tír ina hiomláine mar atá tagtha de bharr na tragóide seo.

Anseo in Éirinn d'fheastal an tUachtarán Michael D.Higgins agus a bhean Sabina ar sheirbhís cuimhneacháin do na micléinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath tráthnóna .

Bhí triúr den seisear a maraíodh thall i California ag freastal ar an Choláiste sin. 

Tharla an tragóid seo nuair a thug balcóin uaidh le linn cóisire a bhí ar bun in árasán i gceantar Berkeley in aice le San Francisco go moch ar maidin Dé Máirt, am Mheiriceá.