skip to main content

Cóir leighis fós á cur ar sheachtar in ospidéil i gCalifornia

Láthair na tubaiste i mBerkeley inniu
Láthair na tubaiste i mBerkeley inniu

Tá cóir leighis á cur in ospidéil éagsúla i gCalifornia ar sheachtar Éireannach óg a gortaíodh sa tubaiste i gcathair Berkeley inné. Tuairiscítear go bhfuil cuid acu gortaithe go dona.

Maraíodh seisear mac léinn Éireannach nuair a thug balcóin i mbloc árasán uaidh. Bhásaigh ceathrar de na mic léinn ar láthair na tubaiste agus bhásaigh an bheirt eile san ospidéal.

D'fhógair an Taoiseach go bhfuil an tAire Stáit Jimmy Deenihan le taisteal chun na Stát Aontaithe le dlúthpháirtíocht a léiriú thar cheann an Rialtas le muintir na ndaoine óga a maraíodh agus a gortaíodh sa tubaiste. 

Cuireadh an Dáil ar fionraí ar feadh tamaill tráthnóna mar chomhartha ómóis i gcuimhne na ndaoine a maraíodh. Tá bratach na hÉireann ar leathchrann inniu ar Thithe an Rialtais agus ar fhoirgnimh Stáit eile freisin. 

Bhí na daoine a maraíodh ag cóisir san árasán nuair a tharla an tragóid. B'in iad Ashley Donohoe, 22 bliain d'aois; Olivia Burke, 21; Eimear Walsh, 21; Eoghan Culligan, 21; Niccolai Schuster, 21; agus Lorcán Miller, 21. 

Saoránach de chuid na hÉireann agus na Stát Aontaithe ab ea Ashley Donohoe. Col ceathar le Olivia Burke a bhí inti. B'as Baile Átha Cliath don chúigear eile a maraíodh.