skip to main content

Na céadta ar iarraidh ó d'iompaigh bád béal fúithi sa tSín

Iarrachtaí tarrthála i ndeisceart na Síne
Iarrachtaí tarrthála i ndeisceart na Síne

Tá iarrachtaí tarrthála ar bun i ndeisceart na Síne ó d'iompaigh bád béal fúithi ansin.

Is ar abhainn an Yangtze a tharla an timpiste; tá na céadta ar iarraidh.

Tuairiscítear cúigear ar a laghad a bheith marbh.

Deirtear áfach go n-ardóidh an figiúir seo go suntasach.

Bhí breis is 450 duine ar bord, turasóirí amach sna blianta ab ea a bhformhór.

Deir nuacht áisíneacht na Síne gur tarrtháladh scór go dtí seo, an captaein agus an príomhinnealtóir ina measc.

Stoirm mhór ar abhainn an Yangtze ba chúis leis an tubaiste seo tráthnóna aréir.

Bhí an bád "The Eastern Star" ar a bhealach ó Nanjing go Chonging ach chuaigh sé go tóin poill de dheasca na drochaimsire thart ar a 9.30.

Áirítear é seo a bheith ar an tubaiste loingseoireachta is measa sa tSín le 70 bliain.