Chinn Coiste Cearta Sóisialta na hEorpa go bhfuil cairt Eorpach sáraithe ag an tír seo mar nach bhfuil cosc curtha ag an Rialtas ar phionós corpartha, greadóg a thabhairt do pháistí san áireamh.
Dúirt an Coiste nach bhfuil an dlí maidir le pionós corpartha ar pháistí in Éirinn sách soiléir.
Baineann an scéal le gearán oifigiúil a rinne eagraíocht cosanta páistí sa Bhreatain dhá bhliain ó shin. Tá Cairt Shóisialta na hEorpa ina cheangal dlí ar an tír seo.
Dúirt an tAire Leanaí James Reilly go ndéanfaidh an Rialtas soiléiriú ar an dlí i bhfianaise an chinnidh.