skip to main content

Bothanna vótála oscailte don 2 reifreann óna 7 a'chlog

Vótáil sna reifrinn
Vótáil sna reifrinn

Tá na bothanna vótála don reifreann ar an bpósadh comhghnéis agus ar aois na n-iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta oscailte óna 7 a'chlog ar maidin.

Tá os cionn 3 mhilliún duine i dteideal vótála.

Chláraigh 60,000 díobh sin le roinnt seachtainí anuas.

Iarrtar ar dhaoine cárta aitheantais de chineál éigin a thabhairt leo agus iad ag triall ar na bothanna.

Léiríonn na luathfhigiúirí go dtí seo go bhfuil líon suntasach tar éis vóta a chaitheamh cheana féin i mBaile Átha Cliath agus i gCathair na Gaillimhe i gcomparáid le reifrinn eile roimhe seo.

Beidh na bothanna vótála oscailte go dtí an 10 a chlog anocht.