Tuairiscítear go bhfuil an chathair ársa Palmyra sa tSiria tógtha ag an ngrúpa mílísteach, an Stát Ioslamach.

Tá tábhacht faoi leith leis an gcathair ó thaobh ceangal a dhéanamh idir oirthear agus iarthar na tíre.

Tá na mílístigh ag teannadh níos gaire do phríomhchathair na Siria, Damascus anois.

Tuairiscítear go bhfuil an daonra de thart ar 70,000 imithe ón gcathair agus go bhfuil siad ag déanamh a mbealach chomh fada leis an bpríomhchathair Damascus.

Suíomh domhanda seandálachta de chuid UNESCO is seá cathair Palmyra. Tá imní léirithe anois go sciosfar fothracha ársa na cathrach.