skip to main content

Tá Neipeal agus An India buailte ag crith talún eile a raibh neart 7.3 leis agus tá os cionn 40 marbh agus na céadta gortaithe

Scrios i Neipeal
Scrios i Neipeal

Tá crith talún le neart 7.4 ar an scála Richter tar éis tarlú i Neipeal agus an tír fós ag iarraidh teacht chuici féin tar éis crith talún millteach a tharla deireadh na míosa seo caite.

Leagadh foirgnimh go leor go talamh agus dúirt oibrithe fóirithinte go raibh go leor scrios déanta i mbailte beaga iargúlta.  Tharla cúpla sciorradh talún sna bailte sin chomh maith.

Anuas ar sin, tharla suas le leathdhosaen iarchreathanna agus bhí neart 6.3 le ceann acu.

Níl sé ach os cionn cois coicíse, ó bhásaigh os cionn 8,000 duine agus ó scriosadh na céadta míle teach cónaithe i gcrith talún a raibh neart 7.8 leis a tharla ar an 25 Aibreán.

Ba in aice leis an mbunáit do dhreapadóirí a bhíonn ag dul ar Shliabh Everest a bhí croílár an chreatha ar maidin.  Maraíodh 18 dreapadóirí an mhí seo caite nuair a tharla maidhm shneachta ann tar éis an chreatha.

Baineadh croitheadh as áiteacha chomh fada ó bhaile le príomhchathair na hIndia, Deilí Nua agus Dhaka sa Bhanglaidéis tar éis chrith talún na maidine.

Níos luaithe ar maidin, rinne arm Neipeal tarrtháil ar 117 duine as bailte beaga iargúlta ó thuaidh den phríomhchathair Kathmandu.