skip to main content

An tUachtarán Michael D Higgins ar cuairt ar an Rinn inniu le leabharlann a oscailt i gcuimhne an Dr. Risteard de Hindeberg

Liam Suipéal, Bainisteoir Choláiste na Rinne, ADC an Uachtaráin agus an tUachtarán Higgins ag seoladh leabharlann De Hindeberg sa Rinn.
Liam Suipéal, Bainisteoir Choláiste na Rinne, ADC an Uachtaráin agus an tUachtarán Higgins ag seoladh leabharlann De Hindeberg sa Rinn.

Bhí an tUachtarán Michael D Higgins i nGaeltacht na Rinne, Contae Phort Láirge, inniu le leabharlann nua Choláiste na Rinne a oscailt go hoifigiúil.

Bhí baint nach beag ag an Dr. Risteard De Hindeberg le bunú Choláiste na Rinne sa bhliain 1909 tar éis dó filleadh ar Éirinn as California i ndiaidh dó glacadh le post mar Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh.  

Bhí blianta caite i Meiriceá aige, ar dtúis i gceannas an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Chaitiliceach Mheiriceá i Washington DC agus ina dhiaidh sin in ollscoil Berkeley, California. 

                       ********************************************

Seo a leanas cuid d'óráid an Uachtaráin a bhí ag déanamh comhgháirdeachais le muintir na nDéise as ucht an oiread saibhris a bhí cnuasaithe ag an Dr. De Hindeberg uatha. 

"An cnuasach leabhar agus lámhscríbhinní a d'fhág an Dochtúir Risteárd de Hindeberg le huacht atá sa leabharlann nua.

Leabharlann taighde is ea Leabharlann Choláiste na Rinne le thart ar 6,000 leabhar clóbhuailte ann agus 20 lámhscríbhinní Gaeilge chomh maith le 1,000 grianghraf.

Fáiltítear roimh léitheoirí agus lucht taighde anseo. Is minic a bhronntar ábhar nua ar an Leabharlann ag cairde éagsúla agus ag iar-scoláirí an Choláiste.

Timpeall 200 leabhar atá i gcnuasach de Hindeberg féin. Ar na (1872-6), Leabhar Laighean (1880), agus Leabhar Bhaile an Mhóta (1887). Tá roinnt irisí sa chnuasach agus beagán cóipleabhar chomh maith.

Formhór na gcóipleabhar, is nótaí sa nGearmánais atá iontu a thóg Risteard le linn dó a bheith ag freastal leachtaí i 'Freiburg' agus i 'Greifswald' sna blianta 1896-98.

Is iad na lámhscríbhinní a bhronn sé ar an gColáiste, áfach, lámhscríbhinní ón naoiú haois déag, cheithre leabhar ar fad acu, an chuid is luachmhaire dá oidhreacht. Comóradh Céad bliain Coláiste na Rinne (2005) 

In 1997 bhronnadh Cartlann Fuaime de Hindeberg ar an gColáiste, .i. cnuasach téipeanna de chainteoirí Déiseacha a rinne an Dr Piaras de Hindeberg, SJ († 1982), sa tréimhse 1960-1980.

Mac dearthair do Risteard ba ea Piaras ar ndóigh. Tá breis is sé chéad (600) uair an chloig cainte sa Chartlann seo, rud a fhágann gurb í an Chartlann is mó de Ghaelainn na nDéise ar domhan í. 

Baineann luach ollmhór leis an gcnuasach seo, ó thaobh na scéalta atá ann, na hamhráin, stair na háite agus stair na tíre, cultúr agus saíocht an cheantair, nósanna a bhíodh ann, foclaíocht agus ar ndóigh foghraíocht na nDéise. An Linn Bhuí 12 (2008) 

Rinneadh an Cartlann Fuaime a dhigitiú le cabhair airgid ó chairde éagsúla an Choláiste agus ó Údarás na Gaeltachta agus rinne mac léinn iarchéime Mícheál Ó Drisleáin in Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, an Chartlann Fuaime a chlárú, agus bhain sé céim dochtúireachta amach de thoradh na hoibre sin sa bhliain 2012.

Tá dlúthdhiosca de chuid den chaint atá sa Chartlann eisithe ag an gColáiste chomh maith. 

Léiríonn obair na Leabharlainne an tslí inar féidir le hinstitiúid léinn sean-bhunaithe leanúint uirthi ag misniú agus ag cabhrú le pobal na Gaeilge sa nua-aois: spreagann an saibhreas atá inti scoláirí óga chun meas a bheith acu ar an oidhreacht teangan atá tite chuchu agus meallann sé iad chun tuilleadh taighde agus forbartha a dhéanamh ar Ghaelainn na nDéise - ar an teanga, ar an litríocht, ar cheol agus ar chultúr na nDéise i gcoitinne."