Bhí an tUachtarán i láthair ag searmanas sa Cóbh, Co Chorcaí, inniu i gcuimhne an 2,000 duine a cailleadh ar bord na loinge an Lusitania ar 7 Bealtaine 1915 - 100 bliain agus an lá inniu.
Bhí an Lusitania ar a bealach ó Nua Eabhrac go Learpholl nuair a chuir toirpéad ó fhomhuireán Gearmánach go grinneall í amach ó Chionn tSáile.

An Lusitania
Ceiliúradh Aifreann speisialta i gcuimhne na marbh san Ard-Eaglais sa Chóbh agus leagadh bláthfhleascanna i gcuimhne ar an mbreis is 170 paisnéir a cuireadh sa tseanreilig ar an mbaile.