Tuairiscítear sa Nuachtán Géarmanaigh ‘Bild’  go bhféadfadh sé go ndéarna an comhphíolóta  a thiomáin eitleán  isteach i sléibhte na nAlp cleachta ar eitleán a chur le fána go gasta roimh an eachtra mharfach sa   bhFrainc ar an 24 de Mhárta.

De réir eolais atá sa nuachtán ar maidin dúirt foinsí atá gar do na húdaráis a bhí i mbun fiosrúcháin sa bhFrainc go mbreathnaíonn sé gur bhain an comhphíolóta Andreas Lubitz a bhí 27 bliain d’aoin triail as eitleán a chur le fána ar eitilt eile as  Düsseldorf  go  Barcelona níos tuaisce.

Tháinig an méid seo chun solais a deir ‘Bild’ tar éis do lucht fiosraithe tuilleadh scrudaithe a dhéanamh ar an taifeadadh ar an mbosca dubh ar a bhí ar an aerlíne Germanwings.

Tá súil go bhfoilsóidh Údarás na Fraince tuarascáil eatramhach ar an tubaiste inniu.

Maraíodh 150 duine nuair a thuairt eitleán paisinéirí leis an aerlíne Germanwings in Alpa na Fraince. D'fhógair an comhlacht go maraíodh 144 paisinéir agus seisear criú  a bhí ar an eitleán Airbus. 

Gearmánaigh agus Spáinnigh a bhformhór. Bhí an t-eitleáin ag dul ó aerfort Bharcelona agus go Düsseldorf  sa nGearmáin. Tuairim is uair a chloig ina dhiaidh sin a thuairt an t-eitleán sna hAlpa.