skip to main content

Tharraing foirne fóirithinte buachaill déagóra beo as smionagar tí lóistín i Kathmandu ar maidin.

Tá foláireamh tugtha ag ceannairí na mbuíonta tarrthála agus ag oifigigh i Kathmandu gur caol sheans go mbeidh íospartaigh beo á dtarraingt as smionagar na creatha talúin a tharla Dé Satharn.

Tá líon na mairbh níos mó ná 5,500 um a dtaca seo agus táthar den tuairim go gcuirfear leis an líon sin sna laethanta amach anseo. 

Ceaptar go mbeidh deacrachtaí teacht ar thaisí na mairbh lasmuigh de Kathmandu de bharr na droch-aimsire. Thriail ingearáin teacht ar íospartaigh sna bailte máguaird ach bhí orthu géilleadh don bháisteach trom. 

'Seans nach mbeidh a thuilleadh marthanóirí' a dúirt Rameshwor Dandal, ceannaire bainistíochta na dtubaistí sa Roinn baile.