skip to main content

Vótáil baill Bord Oideachais agus Oiliúna Chontae Dhún na nGall d'aonghuth inniu gan Gaelcholáiste Chineál Eoghain a dhúnadh.

Vóta in aghaidh moladh Phríomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna a chaith baill an bhoird.

Tá líon íseal mic léinn ar cheann de phríomh-fhadhbanna na meanscoile a bunaíodh i mBun Chranncha i 2007.