Tuigtear don Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil thart fá 100 Éireannach i Neipeal faoi láthair.

Tá teagmháil déanta le móramh mór acu ach tá buairt ar leith léirithe ag clann Shinéad Nic Cionnaith, 31 agus ar as Co. Mhuimhneacháin di agus a bhí ag siúlóid sa cheantar ag an am. 

Labhair a deirfiúr, Siobhán le RTÉ agus dúirt go raibh sí i gceantar Anapurna lena cara as Ceanada ag am na creatha talúin agus nár chualthas aon fhocal uaithi ó shin. 

Bhíodar ar a mbealach go Borneo agus bhí sí i dteagmháil le baile go dtí an 20ú Aibreán. I ndiaidh dá clann seiceáil le haerlínte a bheadh ag eitilt go Borneo, is léir nár eitil sí ón láthair 

Dúirt an tAire Stáit Seán Sherlock go raibh teagmháil déanta le móramh na nÉireannach sa cheantar agus go bhfuil €1m ceadaithe ag an rialtas - a cheadódh foireann mearfhreagra agus stoc éigeandála le bheith seolta láithreach. 

Mar thaca le sin, dúirt an carthannas Trócaire go bhfuil €100,000 ceadaithe acu don éigeandáil i Neipeal. 

Díreofar an tairgead i dtreo fothain, bia agus uisce a sholáthar dóibh san gan dídean i ndiaidh na tubaiste. 

The official death toll in Nepal following the 7.9 magnitude earthquake at the weekend has risen to 3,726.

Some fear the toll could rise to as much as 5,000.

Ta liosta dóibh san atá ar iarraidh foilsithe ag Cumann na Croise Deirge. 

3,726 líon na mairbh go hoifigiúil anois de bharr na creatha talúin de 7.9 ar an scála Richter De Satharn seo caite. 

Tuigtear gur maraíodh ar a laghad 90 duine i dtíortha máguaird freisin - san India agus sa tSín.

Theith na mílte as chathair Kathmandu i ndiaidh na creatha agus na hiar-chreatha.

Tuairiscítear go bhfuil gantannas uisce agus beatha sa cheantar anois.

Bhí bóithre amach as an gcathair plódaithe le daoine a bhí ag iarraidh an chathair idir shléibhte a fhágaint ar bord busanna nó leoraithe. 

Tuigtear go bhfuil nach mór 100 Éireannach sa cheantar. Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ag soláthar cúnamh taidhleoireachta dóibh san i Neipeal.

Chodail na mílte, a raibh a dtithe leagtha go talamh, faoin spéir i ngleannta feánta agus oscailte mar a raibh báisteach trom agus fuacht na hoiche le fulaingt acu. 

Tuairiscítear go raibh boladh creimeadh na marbh san aer mórthimpeall na cathrach.

Iad siúd a mhair afach, ba bheag cóir leighis atá ann dóibh - ospidéil ro-lán agus easpa leapacha, dochtúirí nó acmhainní eile leighis.  

Tá óbrádlanna shealadacha curtha i bhfearas ag máinlithe i gcampaí ar thailte Choláiste Laighis Kathmandu. 

Tá na céadta dreapadóirí as Neipeal agus tíortha eile an domhain sáinnithe i sléibhte na Himiléithe i ndiaidh do mhaidhm shléibhe bun-champa Shliabh Everest a bhualadh. 

Maraíodh 17 faoin mhaidhm shléibhe, an líon is mó maraithe in aon eachtra ar an tsliabh is airde ar domhan.