skip to main content

Searmanas cuimhneacháin in omós mhairbh an eitleáin Germanwings in Ardeaglais ársa Cologne.

Uachtarán Joachim Gauck ag labhairt ag searmanas i gcuimhne ar mhairbh Germanwings i Cologne inniu.
Uachtarán Joachim Gauck ag labhairt ag searmanas i gcuimhne ar mhairbh Germanwings i Cologne inniu.

Maraíodh 150 duine san eachtra inar eitil Andreas Lubitz eitleán Airbus A320 isteach sna hAlpa an mhí seo caite. Bhí Lubitz ina phiolóta tánaisteach ar eitilt Germanwings idir Barcelona agus Dusseldorf. 

Bhí Angela Merkel i éíneacht le slua de 1,500 duine gaolta leis na mairbh ag an searmanas. Lasadh 150 coinneal i gcuimhne orthu.

Dúirt Uachtarán na Gearmáine, Joachim Gauck go bhfuil an tír fós in ísle brí i ndiaidh an uafáis. 

Creidtear gur d'aon turas a thuairt Andreas Lubitz an eitleán in aghaidh na sléibhte ag marú gach duine a bhí ar bord.