Tá Dzhokhar Tsarnaev ciontaithe ag giúiré i mBostún i gcomhcheilg a bheith ar bun aige arm mórscriosta a úsáid. Breith d'aon ghuth a bhí ann.
Baineann an ciontú leis an ionsaí buamála ag maratón Bhostúin ar 15 Aibreán 2013. Maraíodh triúr agus gortaíodh 264 duine mar gheall ar an ionsaí.
Thóg sé lá go leith ar an ngiúiré Dzhokhar Tsarnaev a chiontú.