Anocht i gCill Orglan, Co Chiarraí, cuirfear tús le sraith imeachtaí le comóradh a dhéanamh ar eachtra thragóideach a tharla ansin i 1916.
Aoine an Chéasta 1916 - 99 bliain ó shin - a tharla an eachtra a deir go leor staraithe a bhí ar an gcéad tubaiste den Éirí Amach. Báthadh triúr d'Óglaigh na hÉireann nuair a d'imigh a ngluaisteán den déanamh Briscoe de ché Bhaile Uí Chíosáin agus isteach in Abhainn na Leamhna in aice le Cill Orglan i gCo Chiarraí.
Bhí an triúr, Con Keating, Donal Sheahan agus Charlie Monahan ar a mbealach go Cathair Saidhbhín le teagmháil raidió a dhéanamh le Ruairí Mac Easmainn a bhí ar an long Ghearmánach an Aud a bhí le gunnaí a thabhairt i dtír don Éirí Amach.
Fuarthas corp Donal Sheahan agus Con Keating dhá lá ina dhiaidh sin ach bhí corp Charlie Monahan ar iarraidh.

Dé Luain, 30 Deireadh Fómhair 1916 - 6 mhí i ndiaidh don Aud dul go grinneall, tháinig cnámharlach gan cloigeann ná cosa i dtír ar bhruach na Leamhna.
Bhí éadaí maithe ar an chnámharlach. Fuarthas dhá leathshabhrán óir agus dornán de nótaí fliucha airgid i bpóca - níos mó airgid tirm ná a bheadh ag an ngnáthdhuine ag an am. hAithníodh ar deireadh gur corp Charlie Monahan a bhí ann.
Thosaigh an scéal ar maidin Aoine an Chéasta, 21 Aibreán 1916, nuair a roghnaigh Óglaigh na hÉireann i mBaile Átha Cliath seisear fear le dul go Cill Airne.
Chomh maith leis an triúr a báthadh sa deireadh bhí Dennis Daly, Thomas McInerney, agus Colm Ó Lochlainn. Bhí iarrtha orthu seilbh a ghlacadh ar an stáisiún raidió i nDairbhre agus comhartha a chur amach go raibh na Gearmánaigh le hionsaí a dhéanamh ar chósta na hAlban. Bhi sé i gceist longa cabhlaigh na Breataine a bhí suite amach ó chósta Chiarraí a chur ar mhalairt treo..
Bhí an Aud ansin le 2,000 raidhfil agus 10 meaisín-ghunna a thabhairt i dtír ar Thrá na Beannaí in iarthuaisceart Chiarraí faoi cheannas Ruairí Mhic Easmainn agus buíon Óglach
Bhí socrú déanta ansin le hAibhistín de Staic i dTrá Lí na gunnaí seo a scaipeadh ar fud na tíre don Éirí Amach.
Roghnaíodh na fir i mBaile Átha Claith as an saineolas a bhí acu ar chúrsaí meicniúla agus raidió.
B'as Cathair Saidhbhín do Con Keating, b'as Béal Feirste do Charlie Monahan agus b'as an gCaisleán Nua Thiar do Donal Sheahan.
Tá an bheirt dheireanach sin curtha sa reilig i gCill Orglan agus tá Con Keating curtha i gCathair Saidhbhín .