De réir oifig an ionchúisitheora in Dusseldorf, sula bhfuair Andreas Lubitz a cheadúnas eitleoireachta, fuair an píolóta óg cóir leighis síciteiripe de bharr claonadh féinmharfach. Bhí cónaí ar Lubitz sa chathair.
Níor léirigh Lubitz aon rian d'iompar féinmharfach nó iompraíocht bhagarthach ó shin, a dúirt an t-ionchúiseamh.
Lean an cuardach do thaisí na marbh ins na sléibhte inniu agus na himscrúdaitheoirí ag iarraidh an 150 a maraíodh a shainaithint.
Bhí orthu cosán a ghearradh isteach sa chnoc d'fhonn bheith in ann taisteal chuig an láthair iargúlta.
Thuairt an eitleán Germanwings Dé Máirt seo caite ag luas 700csu áit ar bhris an t-eitleán ina smidiríní. Níor fhág an t-imbhualadh aon corpán slán dar lei póilíní atá ag obair ar an láthair.