Caithfidh aerlínte na hAstráile deimhniú go mbeidh dhá bhall criú i gcró an phíolóta an t-am ar fad.

Seo de réir Leas-Phríomh-Aire na tíre Warren Truss i ndiaidh ar tharla in Digne Le-Bains le heitilt Germanwings an tseachtain seo caite nuair a mharaigh Andreas Lubitz é fein agus 149 paisinéir a bhí ar bord na heitilte 4U 9525. 

Creideann imscrúdaitheoirí gur ghlasáil Lubitz píolóta na heitilte amach as cró an phíolóta d'aon gnó. 

Dúirt Truss go raibh cainteanna ag an rialtas le haerlínte na hAstráile agus go bhfuil aontas eatarthu go gcaithfear gníomhú láithreach le beirt a chinntiú sa chró amach anseo.