skip to main content

Maraíodh ar a laghad 142 in eachtra bhuamála i ndhá Mhosc i bpríomhchathair Yemen, Sanaa inniu. Gortaíodh na céadta.

Íospartach óg i measc na gcéadta a gortaíodh sa phléascadh.
Íospartach óg i measc na gcéadta a gortaíodh sa phléascadh.

Maraíodh ar a laghad 142 in eachtra bhuamála i ndhá Mhosc i bpríomhchathair Yemen, Sanaa inniu.

Tharla an eachtra le linn paidreacha meánlae a dúirt foinsí slándála. 

Siad Muslamaigh Shia Houthi is mó a aithnítear leis an dá Mhosc inar tharla na heachtraí marfacha. 

Tá teannas cumhachta sa tír idir dhá ghrúpa - Muslamaigh Houthi le tacaíocht na hIaráine ó thuaidh agus an tUachtarán Abd-Rabbu Mansour Hadi le tacaíocht na Náisiúin Aontaithe agus na nArabach Mórascaile ó dheas.