Tá na téarmaí faoinar dhíol Údarás na Gaeltachta an comhlacht feamainne Arramara Teoranta le comhlacht as Ceanada le coinneáil ina rún ar feadh deich mbliana. Ba leis an Údarás an comhlacht feamainne ó 2006 go dtí gur díoladh é anuraidh.
Léiríonn cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go ndearnadh an socrú rúndachta idir an tÚdarás agus an comhlacht Acadian Seaplants mar chuid den phróiseas díolacháin.
Tugtar le fios sna cáipéisí go bhféadfadh ceisteanna tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin socrú, ach ní deirtear céard atá i gceist.
Tuairiscítear freisin gur iarradh ar bhaill an Údaráis na cáipéisí a bhain le díol Arramara Teoranta - a cuireadh faoina mbráid ag cruinniú ar 1 Márta 2013 - a thabhairt ar ais d'fheidhmeannaigh an Údaráis roimh dheireadh an chruinnithe sin.
Tá an rúndacht cáinte ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin. Mhaígh sé gur thug an Stát cead a chinn do chomhlacht idirnáisiúnta rialacha a leagan síos faoi dhíol Arramara.
Is i gCill Chiaráin i gConamara atá an t-ionad táirgíochta feamainne. Tuairim is 25 duine atá fostaithe ann agus cuireann 250 duine eile feamainn ar fáil don ionad.