skip to main content

Ceangal ag cás cúirte Bhostúin le Gaillimh

Sceitse cúirte de Dzhokhar Tsarnaev
Sceitse cúirte de Dzhokhar Tsarnaev

I gcúirt i mBostún sna Stáit Aontaithe, leanadh le triail Dzhokhar Tsarnaev, an fear 21 bliain d'aois atá cúisithe i mbuamaí a leagan ag maratón na cathrach i mí Aibreáin 2013. 

Thug fear a chaill a dhá chois sa bhuamáil fianaise inniu. Dúirt sé gur theagmhaigh sé le duine de dheartháireacha Tsarnaev sular tharla an chéad phléasc.  

Póilín de bhunadh na hÉireann - Joseph Reynolds - an chéad duine a chonaic Tamerlan agus Dzhokar Tsarnaev agus iad ar a dteitheadh i Watertown in iarthuaisceart Bhostúin trí lá i ndiaidh na buamála. 

B'as Béal an Daingin i gConamara seanmháthair agus seanathair Joseph Reynolds, agus as an mBóthar Mór i nGaillimh a mháthair.