skip to main content

Scothionad nua táirgí déiríochta don oirdheisceart

An scothionad nua
An scothionad nua

D'oscail an comhlacht Glanbia scothionad nua próiseála déiríochta ar theorainn Chill Chainnigh agus Phort Láirge go hoifigiúil inniu.

Tá €180 milliún caite ar an togra agus tá sé ar an infheistíocht is mó atá déanta ag comhlacht as an tír seo ó tógadh an stáisiún ginte cumhachta in Ard na Croise ar an tSionainn i 1929.  

Beifear in ann 100,000 tonna de phúdar déiríochta a tháirgeadh sa bhliain san ionad nua. Cruthófar 75 post nua de bharr na hinfheistíochta féin agus 1,600 post eile in earnálacha gaolmhara.