skip to main content

Baint mhór ag na Trioblóidí le fadhbanna meabhairshláinte sa Tuaisceart

Baint mhór ag na Trioblóidí le fadhbanna meabhairshláinte sa Tuaisceart
Baint mhór ag na Trioblóidí le fadhbanna meabhairshláinte sa Tuaisceart

Léiríonn taighde nua go bhfuil baint dhíreach ag na Trioblóidí sa Tuaisceart le beagnach 50% d'fhadbhanna meabhairshláinte ansin. Chuir na Trioblóidí as go mór do bhreis is 200,000 duine fásta, a deirtear. 

Lucht acadúil in Ollscoil Uladh a rinne an taighde ar son Choimisiún na nÍospartach agus na Marthanóirí. 

Deirtear sa taighde go bhfuil - nó go raibh - fadhbanna meabhairshláinte ag tráth éigin ag beagnach 30% den phobal sa Tuaisceart, agus go bhfuil baint dhíreach ag na Trioblóidí lena leath acu sin. 

Deirtear sa tuarascáil freisin go bhfuil baint ag na Trioblóidí le patrúin fhéinmharaithe agus go seachadtar na patrúin sin ar an gcéad ghlúin eile. 

Deir an tOllamh Siobhán O'Neill gur mionfhadhbanna meabhairshláinte is mó atá i gceist, ach go bhfuil líon suntasach daoine a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha acu.