Sa Rúis d'fhreastal na mílte ar shochraid an pholaiteora ón bhfreasúra, Boris Nemtsov.
Lámhachadh Nemtsov i lár phríomhchathair na Rúise, Moscó san oíche Dé hAoine.
Bhí Iar Phríomh-aire na Breataine, John Major i láthair ag an tsochraid.
Ba mhinic a cháin Boris Nemtsov Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus labhair sé amach go láidir in aghaidh an chogaidh san Úcráin.
Go dtí seo níl aon duine gafa ag póilíní na Rúise maidir leis an marú seo a tharla lámh leis an Kremlin.
Níor ceadaíodh do pholaiteoirí áirithe as an Eoraip ná do cheannaire an fhreasúra sa Rúis freastal ar an tsochraid.
Ní raibh Vladimir Putin i láthair ach cuireadh ionadaí ann thar a cheann.