Meastar é bheith ar an saothar próis Gaeilge ba thábhachtaí san 20ú haois, agus beidh an deis anois ag lucht an Bhéarla é a léamh.
'The Dirty Dust' a thabhfar ar 'Chré na Cille' nuair a fhoilseoidh Yale University Press an 24 Márta seo chugainn é, 66 bhliana tar éis a chéadfhoilsithe i nGaeilge.
Suite i reilig i gConamara, scríobh Máirtín Ó Cadhain an t-úrscéal i bhfoirm chomhrá idir na mairbh atá curtha ann.
Béadán barúil agus gangaideach idir na carachtair é bunús an comhrá a dhéanann aoir ar nósanna na linne.
D'fhoilsigh Scéala Éireann an t-úrscéal ina sraith thar 7 mí nuair a foilsíodh ar dtús é.
As An Spidéal é Máirtín Ó Cadhain a bhí ina mhúinteoir agus ina ghníomhaí teanga. Bhí sé ar dhuine de na daoine a ndearnadh imtheorannú ortha i gCampa na Curraí i rith bhlianta an Dara Chogadh Dhomhanda. Chuir sé aithne ar Bhrendan Behan ansin.
Ceapadh ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1969 é, bliain sula bhfuair sé bás.
An t-úrscéalaí agus colúnaí Alan Titley atá i mbun an leagan Béarla.