Vótáilfidh foireann acadúil Choláiste San Aingeal i Sligeach amárach faoi dhul i mbun gníomhaíocht thionsclaíoch in aghaidh chomhnascadh atá beartaithe a dhéanamh ar an gColáiste le hOllscoil na hÉireann Gaillimh.
Tá an fhoireann acadúil míshásta a deir siad faoina laghad plé a rinne bainistíocht an Choláiste leo faoin gComhnascadh.
Deir an fhoireann, ar mná a bhformhór, go dtabharfar ísliú stádais dóibhsean sa gComhnascadh, agus gur múinteoirí ollscoile agus ní léachtóirí a bheidh iontu feasta.
Sé Coláiste San Aingeal i Sligeach an t-aon chúrsa oiliúna triú leibhéal do mhúinteoirí eacnamaíocht bhaile sa Stát.
Cuirtear cúrsaí san oideachas agus san altracht ar fáil ann freisin.
Tá 900 dalta ag freastal ar chúrsaí ann.
Dúirt ollscoil na hÉireann Gaillimh inniu gur ionann scálaí tuarastail agus arduithe céime do na grádanna léachtóra agus múinteora sa struchtúr reatha.
Is é an teagasc go príomha dualgas an mhúinteora ollscoile a dúirt siad.
Dúirt bainistíocht Choláiste San Aingeal go bhfuil na cainteanna go fóill ar bun.